Aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge (nó a mhalairt)

Déanaimid speisialtóireacht in aistriúcháin Ghaeilge ardchaighdeáin a chur ar fáil, aistrithe ag teangeolaithe cáilithe a bhfuil taithí na mblianta acu.

Aistriúcháin Ghaeilge

Bímid ag comhoibriú le roinnt mhaith Ranna Rialtais (an Earnáil Phoiblí) agus le comhlachtaí príobháideacha chun seirbhísí Gairmiúla aistriúcháin i nGaeilge a chur ar fáil.

Áirítear iad seo a leanas mar shamplaí den chineál ábhair a bhíonn á aistriú againn: Tuarascálacha Bliantúla, Téacsanna le haghaidh taispeántas músaeim, Ráitis Airgeadais, Comharthaíocht, Pleananna Straitéiseacha, Bileoga agus Bróisiúir, Tuarascálacha Teicniúla, Téacsanna Oideachais, Cáipéisí Dlí agus Aistiúcháin Dheimhnithe.

Ár gCuid Seirbhísí:

– Profáil

Cuirimid profáil ar fáil in éineacht leis an tseirbhís aistriúcháin againn agus bíonn tábhacht ar leith ag baint leis seo i gcás cáipéisí a bhíonn le foilsiú. Cinntíonn sé seo go mbaineann ardchaighdeán leis na haistriúcháin ar fad. Áirítear gach cineál cáipéise agus gach saghas leagan amach leis an tseirbhís seo. Más mian leat athbhreithniú a dhéanamh ar cháipéis atá i nGaeilge cheana féin, déanfaidh ár gcuid teangeolaithe cumasacha profáil agus seiceáil ar an ábhar le cinntiú go bhfuil sé cruinn ó thaobh na gramadaí agus na stíle de.

– Fotheidealú Físeán

Ag Seirbhísí Teanga DCU, déanaimid fotheidealú d’ardchaighdeán ar fhíseáin. Tá ár gcuid aistritheoirí oilte, agus cur amach acu ar uirlisí fotheidealaithe chun torthaí soiléire agus éifeachtacha a bhaint amach.

– Trascríobh

Cuirimid seirbhísí trascríofa ar fáil le haghaidh ábhar fuaime; agallaimh, taifeadtaí acadúla agus neart eile san áireamh.

– Comhairle Teanga do Ghuthú

Cuireann DCULS teangeolaithe ar fáil chun maoirseacht a dhéanamh ar thaifeadtaí agus ar ghuthú chun comhairle a thabhairt maidir le fuaimniú na teanga agus chun cruinneas teanga a chinntiú.

Ár gcuid Aistritheoirí Dúchais Gaeilge

Oibrímid le foireann mhór aistritheoirí gairmiúla atá an-cháilithe agus a bhfuil an-taithí acu i réimse an aistriúcháin Ghaeilge.

    • Tá taithí 5 bliana ar a laghad ag gach aistritheoir
    • Cainteoirí dúchais Gaeilge
    • Aistritheoirí creidiúnaithe ag Foras na Gaeilge
    • Baintear úsáid as an gCaighdeán Oifigiúil
    • Canúintí áirithe (e.g Gaeilge Uladh / Chonnacht) curtha ar fáil ar iarratas.

Ár gcuid Cliant

Bí i dteagmháil linn le meastachán a fháil ar chostas