Lánstádas Oifigiúil agus Oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach

Irish language became an official language of the European Union

Leagan Béarla >>

Ag meán oíche, ar an 31 Nollaig 2021, bronnadh lánstádas ag an nGaeilge san Aontas Eorpach a d’fhág go bhfuil sí anois ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile. Anois, ar deireadh thiar thall, tá deireadh tagtha leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE.

Sa bhliain 2005, tar éis feachtas fada, theastaigh ó Rialtas na hÉireann go mbeadh stádas mar theanga oifigiúil agus oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus bronnadh an stádas sin ar an teanga dhá bhliain ina dhiaidh sin, in 2007.

Maolú na Gaeilge

Fógraíodh, áfach, go mbeadh teorainn ag baint le líon na n-ábhar agus na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge i gcomparáid le teangacha eile go dtí 2010. Dúradh gur mar gheall ar ghanntanas foirne aistriúcháin a tugadh na srianta seo isteach.

Tugadh Maolú na Gaeilge ar an socrú sin ar cuireadh síneadh cúig bliana eile leis ina dhiaidh sin, go dtí an 31 Nollaig 2016.

Sa bhliain 2015 d’iarr Rialtas na hÉireann ar an AE go gcuirfí deireadh leis an maolú de réir a chéile agus faoin 1 Eanáir 2022, go mbeadh gach rian den mhaolú imithe ar fad.

Méadú ar Ábhar Gaeilge in 2022

Anois agus an maolú tagtha chun deiridh, meastar go dtiocfaidh méadú 70% ar an méid reachtaíochta a aistreofar go Gaeilge sa Choimisiún. Ón lá seo amach, beidh ar na hinstitiúidí́ “a bheith ullamh chun freastal ar gach éileamh i dtaca le reachtaíocht a aistriú go Gaeilge” a deirtear, agus beidh dualgas orthu foirne cumasacha aistriúcháin a chur le chéile chun go mbeadh an t-ábhar breise ar fad ar fáil i nGaeilge.

Beidh dualgas freisin ón gcéad lá de mhí Eanáir gach comhaontú idirnáisiúnta a fhoilsiú i nGaeilge agus beidh i bhfad níos mó de na cáipéisí ina dtugtar eolas faoi obair an Aontais le haistriú. De réir mheastachán an Choimisiúin, ráineodh go dtiocfadh méadú faoi dhó ar líon na gcáipéisí den sórt sin a chaithfear a aistriú.

Aistritheoirí Nua

Bhí sé ina ábhar imní go mbeadh deacracht ag an AE dul i ngleic leis an saothar breise Gaeilge a bheadh le déanamh nuair a thiocfadh deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas.

Dar leis an gCoimisiún Eorpach, áfach, go mbeidh dóthain aistritheoirí Gaeilge ag an AE chun dul i ngleic leis an ualach mór breise aistriúchán Gaeilge, in ainneoin gur ar bhonn sealadach atá os cionn leath de na haistritheoirí Gaeilge fostaithe faoi láthair.

Tá breis is 170 duine ag obair i dteannta a chéile ar son na Gaeilge sa Bhruiséil agus i Lucsamburg faoi láthair agus tá an líon daoine sin le dul i méid sa bhliain 2022. Táthar ag súil go mbeidh timpeall 200 duine ag plé leis an aistriúchán Gaeilge don AE i mbliana agus go mbeidh líon foirne na Gaeilge ag teacht leis an líon foirne a bhaineann le gach teanga eile de chuid an AE.

Ráiteas an Rialtais

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go ndaingneodh lánstádas na Gaeilge “an caidreamh idir an saoránach agus córais riaracháin Eorpacha”.

“In éineacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a shínigh Uachtarán na hÉireann an tseachtain seo caite, tá ról na Gaeilge sna córais riaracháin náisiúnta agus Eorpacha treisithe go mór anois,” arsa Chambers.

Dúirt sé go raibh “creidiúint nach beag” tuillte ag institiúidí na hEorpa agus ag foireann Roinn na Gaeltachta as an obair a dhéanamh chun deireadh a chur leis an maolú.

Todhchaí na Teanga san Eoraip

Bua ollmhór don teanga is ea an cinneadh seo i mbliana agus ní mór dúinn é a cheiliúradh. Anois agus éileamh níos mó ar ábhar trí mheán na Gaeilge, cuirfear deiseanna fostaíochta sa bhreis ar fáil dóibh siúd a mbeadh spéis acu tabhairt faoi ghairm mar aistritheoir. Tá borradh tagtha faoin bpobal bríomhar Gaelach sa Bhruiséil le blianta beaga anuas agus chuirfí fáilte mhór chroíúil roimh bhaill foirne nua i mbliana.

Ní hamháin sin, ach de bhrí gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge, tá leaganacha Gaeilge ar fáil anois de shuíomhanna gréasáin an Aontais. Tá an Ghaeilge chomh feiceálach céanna agus ról chomh tábhachtach céanna aici le teanga ar bith eile ar na suíomhanna sin agus cuirtear réimse leathan eolais chuimsithigh ar fáil faoin iliomad ábhar.

Is áis luachmhar foghlama iad na suíomhanna seo d’aistritheoirí in Éirinn atá ag cleachtadh na ceirde agus iad sa tóir ar fhostaíocht in institiúidí an AE, nó do mhic léinn ollscoile agus mheánscoile i nGaelscoileanna ar fud na tíre nó i scoileanna Gaeltachta. Pléitear saincheisteanna polaitiúla, sóisialta, reachtúla, slándála agus comhshaoil ar shuíomh Pharlaimint na hEorpa, mar shampla, chomh maith le scéalta nuachta agus físeáin i nGaeilge a fhoilsítear ar bhonn reatha. Céim mhór chun tosaigh is ea í seo don Ghaeilge mar theanga chomhaimseartha agus is ábhar dóchais é dóibh siúd atá báite sa teanga ina gcuid oibre.

Speisialtóirí san Aistriúchán Gaeilge

Anseo i Seirbhísí Teanga DCU, táimid mórtasach as seirbhísí teangeolaíochta ardchaighdeáin a chur ar fáil in os cionn 70 teanga, aistriúcháin ó Ghaeilge agus go Gaeilge ina measc. Bímid ag comhoibriú le Ranna Rialtais (an Earnáil Phoiblí) agus le comhlachtaí príobháideacha le seirbhísí Gairmiúla q chur ar fáil san aistriúchán Gaeilge.

Más í seo an tseirbhís aistriúcháin atá uait, déan teagmháil linn tríd an bhfoirm mheastacháin seo a líonadh amach, agus beimid chugat gan mhoill agus meastachán againn ar an gcostas a bhainfidh leis an tionscadal aistriúcháin agat.


 

DCU Language Services celebrates 30 years
Full Official and Working Status for Irish Language in the European Union
LinkedIn